TURASANNA POLAITIÚLA ÉIREANNACHA “CHOISTE”

Ba mhaith le “Coiste” thú a thabhairt ar thuras polaitiúil fríd chroílár poblachtánach Iarthar Bhéal Feirste. Beidh tú ag éisteacht le treoraithe a roinnfidh ort a gcuid eolais chuimsithí ar an tréimhse is déanaí den choimhlint Angla-Éireannach. Foghlaimeoidh tú faoi chultúr agus Stair Chathair Bhéal Feirste agus faoi na daoine a chónaíonn ansin. Tabharfaidh tú cuairt ar áiteanna a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh staire agus cultúir, i measc rudaí eile na múirphictiúirí ar Bhóthar na bhFál a mbíonn turasóirí go síor ag tarraingt orthu, gairdíni cuimhneacháin na bpoblachtánach, múirphictiúr Bobby Sands, agus a lán áiteanna suimiúla eile. Cuireann Turasanna Polaitiúla Éireannacha Choiste roinnt seirbhisí eile ar fáil a bhfuil baint díreach acu leis an choimhlint Angla-Éireannach. Is féidir teacht ar na sonraí go léir ar an tsuíomh gréasáin seo.

Beidh iarphríosúnach polaitiúil ón phobal poblachtánach mar threoraí agat agus beidh a stair féin á shníomh isteach aige/aici mar chuid de stair na seanchoimhlinte seo. Tá fáilte roimh chách ar thurasanna s´againne agus seasann muid gloine den “stuif dubh” duit ag deireadh an turais. Tugann seo seans duit comhrá neamhfloirmiúil a bheith agat lenár dtreoraithe i gcomhthéacs ina bhfuil gach duine ar a shuaimhneas.

Clár na dturasanna

Luan go Satharn: Imeacht ó Thúr Dhubhais (Sráid na Dubhaise ar 11.00 R.N.

Domhnach: Imeacht ó Thúr Dhubhais (Sráid na Dubhaise) ar 14.00 I..N.

Táille 8 bpunt an duine.